Tír Eoghain
Thosaigh Campa Chormaic amach ar an Bhréantír taobh amuigh den Eaglais, áit dúchas Chormac. Bhí dúil ag Cormac i gcónaí in Áras na Bhaird agus is é anseo a thagann muid le chéile an chéad rud ar maidin leis an campa a thósnú don lá. In Áras an Bhaird tá atmaisféar Ghaelach fríd le mothú san aer agus bíonn achan duine ar a shuaimhneas anseo agus muid ag dul de na ranganne maidine.
Nuair a thosaigh Campa Chormaic amach bhí seachtain amháin ann agus bhí muid ag dúil le thart fá tríocha a fháil an chéad bhliain sin ach d'éirigh tharr barr leis an Champa an chéad bhliain sin nuair a d'fhreastail níos mó ná seachtó ar an Campa. Chuir muid seachtain leis an Campa sa dára bhliain agus arís eile bhí Áras an Bhaird dubh le daoine a bhí ag iarraidh an teanga a fhoghlaim. Anois, bíonn Campa Chormaic mar cuid tabhachtach den samhradh do pháiste in iarthar Thír Eoghain.
I dTír Eoghain bíonn seans ag na páistí na scileanna peile, iomanaíocht, camogaíocht agus liathróid láimhe s'acu a chleachtadh ar pháirceanna imeartha an Eaglais Naomh Pádraig agus le cuidiú Dé i mbliana beidh seans againn cluichí CLG a imirt ar pháirc atá ainmnithe in ómós do Chormac é féin.
Tá muid, i dTír Eoghain buíoch d'achan duine sa Bhréantír agus ar an Eaglais agus do na comhlachtaí agus teaghlaigh ar fad a thugann tacaíocht don Campa go háirithe Áras an Bhaird, CLG an Eaglais agus JB Barretts Concrete.
Go fada buan Campa Chormaic i dTír Eoghain










