Fáilte go Campa Chormaic

 

 

 

Urraithe

Is campa samhraidh neamhbhrabúsach é Campa Chormaic. Tá muid thar a bheith buíoch de na hurraitheoirí áitiúla, idir chomhlachtaí agus daoine aonair, a chuidigh go mór le rath an Champa le sé bliana anuas. Gabhann Coiste Champa Chormaic buíochas mór le JB Barretts Concrete i gcontae Thír Eoghain le Cuntasóirí FPM in Iúr Cinn Trá agus tógalaí H and A i gcontae Dhoire as ucht maoiniú a chur ar fáil do Champa Chormaic.

Agus muid ag tabhairt aghaidhe ar an seachtú bhliain ar an tsaol do Champa Chormaic, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil as an urraíocht, as an chuidiú agus as an tacaíocht a fuair muid le linn na mblianta ó na grúpaí agus ó na comhlachtaí seo a leanas:

  • CLG Comhairle Uladh
  • Coiste Chondae Thír Eoghain
  • Coiste Chontae an Dúin
  • Coiste Chontae Aontroma
  • Coiste Chontae Dhoire
  • Comhairle Uladh C.L.G.
  • Ardmac
  • Comhairle Ceantair Dhún Geanainn
  • Comhairle Chathair Bhéal Feirste
  • Foras na Gaeilge
  • Rockwell
  • Iontaobhas Ultach
  • Coláiste Chaitríona Ard Mhacha
  • Coláiste Choilm, Baile na Scríne
  • Bunscoil Phobail Feirste
  • Coláiste Mhaolmhaodhóg Cáisleán Uidhilín
  • CLG An Eaglais Naomh Pádraig
  • H and A Builders
  • JB Barretts Concrete
  • FPM Accountants

Dála achan ghrúpa atá ag iarraidh dul i ngleic le cursaí eacnamaíochta san am i láthair, beidh imeachtaí tiomsaithe airgid á n-eagrú ag Campa Chormaic i mbliana d'fhonn todhchaí an Champa a chinntiú. Más suim leat féin urraíocht a chur ar fáil do Campa Chormaic nó más mian leat a thuilleadh eolais a chur ar na himeachtaí tiomsaithe airgid, ná bíodh leasc ort dul i dteagmháil le cisteoir an Champa, Collette Hurl.

 

© Copyright of Campa Chormaic 2006. All Rights Reserved. A collaboration by Glenovation & shift-control