Fáilte go Campa Chormaic

 

 

 

Chormaic McAnallen

Patrúin

Pat D’arcy (Cathaoirleach Choiste Chontae Thír Eoghain)

Fáilte go Campa Chormaic. Mar Chathaoirleach ar Choiste Chontae Thír Eoghain, cuireann sé an-áthas orm tacaíocht a thabhairt d’Imeachtaí Champa Chormaic sa Bhréantar, i gcuimhne ar Cormac Mac an Ailín.

Buille uafásach ab ea bás Chormaic da chlann agus do C.L.C.G i gcoitinne. Is ceart agus is cóir go mbeadh ainm s’aige bainteach le himeacht spreagúil atá tábhachtach d’achan duine atá páirteach i gcur chun cinn ár gCluichí Gaelacha agus Cultúr na nGael.

Cuireann bunú Champa Chormaic tús le hócáid bhlaintúil nua a léiríonn na tréithe sin dár gCúltur ina raibh suim ag Cormac, sé sin grá don Téanga, do na Cluichí Gaelacha agus don Chultúr Gaelach.

Bhí Campa Chormaic iontach rathúil sa chéad bhliain, agus tá mé iomlán cinnte go mbeidh fás agus forbairt suntasach ann mar ócáid náisúnta agus idirnáisúnta i bhféilire na nGael sa bhaile agus thar lear.

 

“Chuir Champa Chormaic deiseanna iontacha ar fáil do chailiní óga scileanna camógaíochta s’acu a fhorbairt, chomh maith leis sin mar Gaeilgeoir, bhí sé ar dóigh go raibh foghlaim na Gaeilge ag croílár achan rud.”

Carla Ní Dochairtaigh (Imreoir Camogaíochta Chondae Aontroma)

“Bhain mé an-sult as Campa Chormaic anuraidh. Chonaic mé scileanna teanga agus scileanna aclaíochta á n-aistriú ó ghlúin go glúin. Gura fada buan sibh i gCampa Chormaic.”

Iarlath Ó Broinn (Iarchaptaen Ard Mhacha)

“Guím gach rath ar bhur n-iarrachtaí i gCampa Chormaic Tír Eoghain a athghaelú.”

Ferdia Mac an Fháilí (Príomhfheidhmeannach Gníomhach, Foras na Gaeilge)

“Bhí dhá rud ina raibh suim as cuimse ag Cormac, na Cluichí Gaelacha agus an Ghaeilge. Tugann Campa Chormaic deis iontach do pháistí iad féin a chur in iúl agus a fhorbairt ins an dá thréith seo.”

Peadair Ó Ceannabháin

 

 

© Copyright of Campa Chormaic 2006. All Rights Reserved. A collaboration by Glenovation & shift-control