Fáilte go Campa Chormaic

 

 

 

An Dúin

Tháinig Campa Chormaic an Dúin chun saoil sa bhliain 2009. Ba é Campa Chormaic an Dúin an chéad Campa le bogadh ó Thír Eoghain agus bhí an-rath go deo againn anseo i gContae an Dúin ó chuireadh tús leis an Champa Samhraidh is fearr sa tír taobh leis na Beanna Bóirche.

Tháinig an bogadh chun cinn nuair a bhí smaoineamh ag beirt de bhunadh an Dúin, a bhí ag obair ar an Bhreantar, gur mhaith leo rud cosúil leis a thoiseacht i gContae an Dúin.

Tá Campa Chormaic an Dúin suite in Ardscoil Mhaolmhadhmhóg Caisleán Uidhlín, agus tá an-athas orainn a rá go mbeidh an Champa ag leathnú amach i gContae an Dúin i mbliana go Coláiste Cholmáin in Iúr Cinn Trá. Scaipfaidh sé seo an spraoi agus sult a bhí ag breis agus 350 páiste go dtí seo sna 3 bhliain a bhí Campa Chormaic ar an tsaol i gContae an Dúin.

Tá Campa Chormaic an Dúin urraithe ag EOS IT Solutions agus an tÓstán Downshire Baile Hill.

Tá muid ag dul ó neart go neart anseo i gContae an Dúin agus tá teachtaireacht na Gaeilge a scaipeadh againn i measc an aois óig.

Rian Ó Dúill

© Copyright of Campa Chormaic 2006. All Rights Reserved. A collaboration by Glenovation & shift-control