Doire
Bhí rath agus bláth ar Champa Chormaic Dhoire sa bhliain 2011. Bhí gach duine a bhí páirteach ann ar aon intinn go raibh draíocht le sonrú ag an champa i nDoire. Ba é an campa ba mhó ariamh le bheith in Uladh agus thar chéad is daichead déagóir ag freastal air. Tháinig siad ó chian is ó chóngar: Doire, Tír Eoghain, an Dún, Béal Feirste agus Tíir na mBascach. Ní raibh leisce ar bith ar an óige an deis a thapú agus iad ag foghlaim na Gaeilge is ag glacadh páirte in amhránaíocht, damhsa agus cluichí Gaelacha. Bí linn i mbliana !










