Fáilte go Campa Chormaic

 

 

 

Chormaic McAnallen

Campa Chormaic 2007

Go mbeanna Dia daoibh a chairde Gael, ní fada na míonna ag dul thart. Is doiligh a chreidbheáil go bhfuil deireadh an earraigh buailte arís linn agus go bhfuil muid ar tí aghaidh a thabhairt ar an cheathrú Campa Chormaic, Campa Chormaic 2008.

Mar is eol daoibh uilig is dócha, go háirithe an mhuintir sin atá i ndiaidh cúpla samhradh a chaitheamh linn, cuireadh tús le Campa Chormaic in ómós do Chormac Mac an Ailín, iar-Chaptaen ar fhoireann Thír Eoghain, buaiteoir Chorn Shomhairle Mhic Uidhir, Múinteoir, Gael. Cuireadh an campa ar bun ina ómós chun an óige in oirthear Thír Eoghain agus sna ceantair máguaird a spreagadh i dtreo na luachanna ar chloígh Cormac chomh dílis sin leo le linn a shaoil, mar atá, cur chun cinn na teanga agus an chultúir Ghaelaigh agus forbairt na gcluichí Gaeilge.

Lá níos sine, lá níos eolaí, mar a deirtear; nó i gcás Champa Chormaic, bliain níos sine, bliain níos eolaí – agus níos láidre. Caithfidh mise a rá go raibh bliain thar a bheith rathúil againn anuraidh ó thaobh reáchtáil an champa de agus gur bhain achan duine a bhí páirteach leis an champa, idir dhaltaí, cheannairí, thraenálaithe agus mhúinteoirí sult as cuimse as an choicís sa Bhréantar agus ar pháirc na hEaglaise. Tá Campa Chormaic ag dul ó neart go neart gan aon agó. Thig liomsa a rá go muiníneach gur chuir muid eispéaras tairbheach fiúntach ar fáil do na scoláirí agus gur chuir siad féin lena n-eolas, lena scileanna, lena ngrá agus lena meas ar an Ghaeilge agus ar na cluichí Gaelacha. Is cinnte dearfach go mbeadh Cormac mórtasach as ar bhain na daltaí amach le linn na coicíse.

D’fhreastail muid ar thuairim is céad dalta gach seachtain den choicís, idir na ranganna maidine agus na himeachtaí iarnóna ar pháirc na hEaglaise. Bhí atmaisféar den chéad scoth le brath thart fá Arás an Bhaird gach maidin agus ba léir go raibh na scoláirí ar a ndícheall pé Gaeilge a bhí acu a úsáid. Bhí na ranganna sultmhar suimiúil agus ní foláir ná gur chuir timpeallacht bhreá an Bhréantair leis an atmaisféar seo.

Chormaic McAnallen Bhí na traenálaithe thar a bheith sásta leis na hiarrachtaí a rinne achan uile dhalta ar pháirc na himeartha san iarnóin. Dar le Mattie McGleenan, an stiúrthóir traenála s’againn, gur thóg sé a chroí, daoine óga a fheiceáil ag dul dá gcuid cluichí féin agus iad ag cleachtadh a gcuid Gaeilge san aon am amháin.

Ba mhaith liom féin mo bhuíochas a ghabháil le gach aon duine a chuir le dea-reáchtáil an champa anuraidh. Ar dtús, ní mór domh mo bhuíochas a ghabháil le lucht stiúrtha Arás an Bhaird, a chuidigh linn an tArás a choinneáil slachtmhar le linn na coicíse agus a d’éascaigh dúinn timpeallacht fhóirsteanach foghlamtha a chur ar fáil do na daltaí. Tá muid thar a bheith buíoch do CLG Naomh Pádraig ar an Eaglais, a lig dúinn an pháirc imeartha s’acu a úsáid do na himeachtaí tráthnóna.

Mar is gnách achan bhliain le Campa Chormaic, cuireann na haíonna speisialta s’againn, a roinneann go fial flaithiúil linn dá gcuid ama, dá gcuid scileanna agus dá gcuid taithí, go mór leis an dá seachtain. Anuraidh bhí an t-ádh orainn leithéidí Terence “Sambo” McNaughton, Ciaran Gourley, agus Diarmuid Marsden a mhealladh chun na hEaglaise. Ról-chuspaí iontacha iad na daoine seo agus chuidigh siad go mór leis na daltaí a gcuid scileanna agus an meon s’acu i leith na gcluichí Gaelacha a fheabhsú.

Shocraigh muid anuraidh go mbeadh mórócáid amháin cheiliúrtha againn ag deireadh an champa. Mheas coiste Champa Chormaic go dtabharfadh sé seo na daltaí ón dá seachtain éagsúla le chéile agus b’fhíor dóibh. Tháinig achan duine le chéile ar an oíche dheireanach chun na héachtaí s’acu ar pháirc na himeartha agus sna ranganna a cheiliúradh. Bhí muid ábalta aird na ndaltaí a dhíriú ar aidhmeanna agus ar chuspóirí an champa tríd an oíche seo – cur chun cinn na teanga agus forbairt na gcluichí náisiúnta. Mheabhraigh Mícheál Ó Máirtín dúinn, cathaoirleach Champa Chormaic, gur eiseamláir den scoth é Cormac féin de na haidhmeanna seo.

Chormaic McAnallen Tugadh aitheantas do na héachtaí agus an iarracht a rinne achan dalta a d’fhreastail ar an Champa. Bronnadh bonn speisialta, teastas agus feisteas spóirt ar achan uile scoláire agus ar a bharr sin, bhí duaiseanna speisialta ag dul don duine is mó iarracht in achan rang.

Mar a luaigh mé cheana, bhain achan duine a bhí páirteach sa champa idir shult agus thairbhe as anuraidh, mar a rinne siad an dá bhliain roimhe sin agus is cinnte dearfach go mbainfear an sult agus an tairbhe chéanna as Campa Chormaic na bliana seo, 2008.Tá mise ag dúil go mór leis an Champa i mbliana agus tá súil agam go mbeidh sibh liom arís an samhradh seo sa Bhréantar.

We decided last year that we would have one big prize giving ceremony for all students at the end of the two weeks. The committee of Campa Chormaic felt that this would bring the students from the two weeks together and add to their sense of community at Campa Chormaic. Everyone came together on the last night to celebrate their achievements both on the playing field, and in the classroom. This event served to focus the students’ attention on the aims and objectives of the course – the promotion and development of the Irish language and of Gaelic games in this area. Mícheál Ó Máirtín, the chairperson of Campa Chormaic reminded us that Cormac himself was the perfect example of these two aims.

Chormaic McAnallen The achievements of every student that attended Campa Chormaic were recognised at this prize giving event. Each child was presented with a special Campa Chormaic medal, a certificate and a sports strip. As well as that there were additional prizes for the people in each class who made the most effort in each class during the course. As I have already mentioned, everybody involved in Campa Chormaic immensely enjoyed Campa Chormaic 2007, as they did the two years before that. I have no doubt that this level of enjoyment and engagement with the language and culture will be equalled, if not surpassed in 2008.I’m greatly looking forward to Campa Chormaic 2008, and hopefully to seeing you all again in the Brantry this summer.

Beirigí Bua.
Conall Ó Máirtín
Stiúrthóir.

 

Chormaic McAnallen Chormaic McAnallen

 

© Copyright of Campa Chormaic 2006. All Rights Reserved. A collaboration by Glenovation & shift-control