Fáilte go Campa Chormaic

 

 

 

Aontroim

Tá lucháir ar Champa Chormaic Co. Aontroma go mbeidh an champa ag pilleadh ar Bhéal Feirste don tríú bliain. I ndiaidh dhá bhliain thar a bheith rathúla, ina mheall muid breis is 200 daoine óga, táimid ag dúil le níos mó suime agus spéise arís do champa 2012. Tá stair shaibhir agus bródúil ag Béal Feirste agus Co. Aontroma i dtaca le cuir chun cinn na Gaeilge agus na cluichí dúchasacha. Tugann Campa Chormaic deis dúinn an bhród sin sna cluichí agus teanga dúchais a chothú i measc ár ndaoine óga, chomh maith le cuimhneamh a dhéanamh ar an Ghael iomráiteach, Cormac Mac an Ailín.

© Copyright of Campa Chormaic 2006. All Rights Reserved. A collaboration by Glenovation & shift-control