Fáilte go Campa Chormaic

 

 

 

Chormaic McAnallen

Cormac McAnallen

Rugadh Cormac Mac An Ailín ar 11ú lá Feabhra 1980 i nDún Geanainn. Togadh é sa Bhreantar, áit faoin tuath taobh amugh de Dhún Geanainn, lena thuismitheoirí Brendan agus Bridget, agus lena bheirt dheatháir Donal agus Fergus.

Idir 1984 agus 1990 d’fhreastail Cormac ar Bhunscoil Derrylatinee, idir 1990 agus 1997 d’fhreastail sé ar Choláiste Phádraig, Ard Mhacha; ó 1997 gó 2001 bhí sé mar mhac léinn ar Óllscoil na Banríona i mBéal Feirste; agus i 2001/2002 bhí sé mar mhac léinn i gColáiste Óllscoile Baile Átha Cliath, ag déanamh cleactadh teagaisc i gColáiste Naomh Benildus’, Stillorgan.

Idir na blianta 2002 agus 2004 theagasc Cormac i gColáiste Chaitríona Ard Mhacha. Theagasc sé Stáir, Polaitíocht, Matamaitic, Teicneolaíocht an Eolais, Francais agus Teagasc Criostaí, agus bhí sé mar bhainisteoir ar fhoireann peile na scoile.

Bhain Cormac clú agus caill amach mar imreoir lena Chlub, An Eaglais Naomh Pádraig, Tír Eoghain agus Éire, ag baint na ngradam is airde amach ag léibhéal an Chondae agus idirnaisiúnta agus é fós óg. Tháinig clú agus caill air go spéisialta mar chaptaen ar chuid de na foirne rathúil seo.

Ba mhinic a tugadh cuireadh do Chormac, mar chaptean, labhairt le agus traenáil a dhéanamh le foirne faoi-aois. I ndiaidh na scoile bhí sé mar co-ordaitheoir Spóirt na n-óg i gceantar Ard Mhacha agus mar thraenáilí ag Campaí Samhraidh C.L.G Thír Eoghain.

Taobh amuigh den scoil, bhí suim ag Cormac i réimse eile spóirt – ina measc iomáint, galf, leadóg thábla agus sacair – bhí suim aige fosta bheith ag coimhéad ar achan chínéal spóirt. Bhí suim as cuimse aige comh maith bheith páirteach i dtráth na gceist, agus bhí suim óllmhór aige sa Stáir agus sa Ghaeilge.

I 2003 chuaigh sé faoi cleamhnais le Ashlene Moore.

Fuair Cormac bás ar 2 Márta 2004 le héileamh chroí. Go ndéanfaidh Dia trócaire ar a anam.

Seo a leanas cuid den na Gradaim spóirt agus acadúil a bhain Cormac:

Chormaic McAnallen Cumann Naomh Pádraig, An Eaglais

Craobh Mionúr Thír Eoghain (2): 1996,1997
Sraith Mionúr Thír Eoghain: 1996
Craobh Idirmhéanach Thír Eoghain: 1997
Tráth na gCeist, Scór na nÓg Thír Eoghain(3): 1992, 1993, 1994
Scór na nÓg Tráth na gCeist na hÉireann: 1995
Tráth na gCeist, Scór Sinsear Thír Eoghain (3): 1999, 2001, 2003

Tír Eoghain
Sraith Mionúr Uladh: 1998
Craobh Mionúr Uladh (2): 1997, 1998 – mar chaptaen
Craobh Mionúr na hÉireann: 1998 – mar chaptaen
Craobh Faoi 21 Uladh (2): 2000, 2001 – dhá uair mar chaptaen
Craobh Faoi 21 na hÉireann (2): 2000, 2001 – dhá uair mar chaptaen
Craobh Sinsear Uladh: (2): 2001, 2003
Sraith Náisúnta (2): 2002, 2003
Corn Mhic Cionnaith: 2004 – mar chaptaen.
Gradam Péileadóir Óige na Bliana: 2001
Gradam Íriseoirí Chúige Uladh 1998 agus Peileadóir na Bliana 2001
Gradam Belfast Telegraph – Peileadoir na Bliana 2001
Gradam All Star: 2003 (mar lán culaith)

Scoil Ghramadaí Naomh Pádraig, Ard Mhacha
Corn Nannery (Craobh Uladh faoi 15)
Tidéil Chísphéile Scoileanna Chúige Uladh ó faoi 14 gó faoi 19.
Buaiteoir ‘Blackboard Jungle’ 1996/97

Ollscoileanna (QUB & UCD)
Corn Uí Riáin: 1999
Corn Mhic Shiogóir: 2000
BA sa Stáir i 2000 agus Iarchéim i bhfoghlaim na Ríomhairé I 2001
Craobh Sinsear Báile Átha Claith 2002
Coláiste Óllscoile Báile Átha Cliath – Teastas Iarchéime sa Oideachas (Céad Onórach) 2002
Céime na Bliana – Óllscoil na Banríona, Béal Féirste: 2004

Uladh
Corn an Iarnróid: 2003
Iondaíthe ar fhoirne Císphéile Uladh – faoi 14 gó faoi 17

Éire
Iondaíthe ar fhoireann na hÉireann in. An Astráil: 2001 (mar bhuaiteoirí), 2002, 2003

 

 

 

© Copyright of Campa Chormaic 2006. All Rights Reserved. A collaboration by Glenovation & shift-control