Fáilte go Campa Chormaic

 

 

 

Chormaic McAnallen

Tá cúig bliana caite anois ó d’imigh Cormac Mac an Ailín ar shlí na fírinne. Fathach fír, mar a thug go leor air, cuireadh an campa seo ar bun ina ómós, le go mairfeadh a chuimhne beo agus le go gcuirfí chun cinn na luachanna sin ar chlóigh seisean chomh daingean docht sin leo agus é inár measc. Grá dá thír, grá dá theanga agus grá dá oidhreacht Ghaelach agus do na cluichí Gaelacha ach go háirithe.

Tá muid ag tabhairt aghaidhe anois ar an chúigiú bliain de Champa Chormaic. Tá súil le Dia againn go mbeidh an bhliain 2009 chomh speisialta céanna leis na ceithre bliana atá curtha isteach againn go dtí seo. Tá stádas ar leith bainte amach ag Campa Chormaic nó níl a leithéid le fáil áit ar bith eile sa tír. Campa Samhraidh atá ann atá dírithe ar dhaoine óga idir 9 mbliana agus 14 bliain d’aois. Bíon ranganna Gaeilge ann ar maidin agus seisiúin traenála sna cluichí Gaelacha tráthnóna – níl a mhacasamhail ann don aos óg in aon áit eile in Éirinn.

“Thosaigh muid sa bhliain 2005,” a dúirt Conall Ó Máirtín, rúnaí an Champa, “ agus leis an fhírinne a dhéanamh, ní raibh a fhios againn cad é a bhí romhainn nó cén treo a rachadh an campa. An t-aon rud a bhí a fhios againn go cinnte ná go raibh muid ag iarraidh buanchuimhneachán nó beochuimhneachán b’fhéidir a thionscnamh in ómós do Chormac. Chreid Cormac go láidir sna nithe sin ar chuir bunfhondúirí CLG an oiread sin tábhachta leo, tábhacht na teanga agus tábhacht na gcluichí dúchasacha – is éard is aidhm leis an champa s’againn ná na rudaí sin a chur chun tosaigh i measc an aosa óig ar bhealach spreagthach taitneamhach.”

Tá lúchair ar Choiste Champa Chormaic i mbliana go mbeifear ag reáchtáil an dara campa i mbliana, i gCaisleán Uidhilin i gContae an Dúin. D’éirigh chomh maith sin leis an champa atá á reáchtáil sa Bhréantar go bhfaca contaetha eile an dea-obair agus go bhfuil siad ag iarraidh a leithéid chéanna a bhunú in áiteanna eile sa chúige.

“Sílim go bhfuil sé thar a bheith tráthúil i mbliana, agus CLG ag ceiliúradh 125 a bhunaithe, go bhfuil an dara Campa Chormaic le teacht ar an saol i gContae an Dúin mar tá bunaidhmeanna CLG ag croí Champa Chormaic, teanga agus oidhreacht na nGael a chothú agus a chuir chun cinn”.

Urraithe
Tá Coiste Champa Chormaic thar a bheith buíoch den mhórtacaíocht a chuireann roinnt dreamanna ar fáil dóibh ach ní mór a lua go sonrach JB Barrett Concrete ar an Eaglais a bhí sásta tacú le Campa Chormaic ón tús agus atá ag obair go dlúth agus ag cuidú go mór le Campa Choprmaic le blianta beaga anuas agus chomh maith leis sin, Bord Chontae C.L.G Thír Eoghain a thug 100% tacaíocht do Champa Chormaic ón chéad lá riamh.

I mbliana, bhí lúchair oraibb nuair a d’fhógair FMP i gContae an Dúin go bhfuil siadsan sásta urraíocht a chur ar fáil don tógra i gContae an Dúin.

Tá muidne, Coiste Champa Chormaic, ag dúil le scoth an tSamhraidh arís, i gContae Thír Eoghain agus i gContae an Dúin – bígí linn !!!

 

© Copyright of Campa Chormaic 2006. All Rights Reserved. A collaboration by Glenovation & shift-control